| has gloss | gle: Is stáisiún raidió aitiúil in Éirinn é Midlands 103. Is é Tindle Radio Group úinéir an stáisiúin. Tá ceanncheathrú Midlands 103 suite i dTulach Mhór agus tá stiúideonna acu in Áth Luain, sa Mhuileann gCearr, agus i bPort Laoise chomh maith. Tá Midlands 103 ag craoladh le deich mbliana agus dhá scór anuas. Craoltar é ar mhinicíocht 95.4FM in Ath Luain agus ar 96.5FM sa Mhuileann gCearr. Tá léiritheoir fostaithe go lánaimseartha acu i gcomhar cúrsaí spoirt, a leithéidí cluichí Gaelacha agus sacair. |