| has gloss | gle: Gearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir as Trá Lí i gContae Chiarraí é Seán Mac Mathúna. Bhain sé cáil nach beag amach lena chnuasach gearrscéalta Ding agus Scéalta Eile (An Comhlacht Oideachais, 1983). Ó shin foilsíodh leabhair leis i nGaeilge agus i mBéarla, agus léiríodh dráma leis, Gadaí Géar na Geamhoíche in Amharclann na Mainistreach. Bhuaigh an dara cnuasach gearrscéalta leis, Banana (Cois Life), Gradam Uí Shúilleabháin i 1999. Foilsíodh an t-úrscéal Hula Hul leis (Leabhar Breac) i 2007. |